Deineann an cumann comhbhrón ó chroí le clann agus cairde Aodáin Uí Chonchúir agus comhbhrón le
@DingleGAA
agus
@PCD_07
ina mbris. Beannacht Dé lena anam.
Sólás éigin inniu dúinn go dtug imreoirí agus bainistíocht
@DubGAAOfficial
cuairt ar ár gcara Cillian Mac Gearailt in Óispidéal Chromghlinne. Sin spórt, sin meas agat.
#fairplay
Coinnibh do mhisneach a Chillian.
@SeanPotts3
Ba bhreá lenár gcroíthe dá n’éireodh le
@tomas5ky
bonn uile Éireann a bhuachtaint amáireach. Caibidil eile le scríobh agus beidh an scéal inste ina iomláine. Gach rath ar ár gcairde
@NemoRangersGAA
Seasann Cumann Caide na Gaeltachta le Franz agus leis an uile dhuine a labhrann i gcoinne ciníochais d’aon tsaghas. Ard fhear Franz. Agallamh ana mhacánta aige
@saolodheas
@RTERnaG
inniu.
Go raibh maith agat a Éamoinn as na sé bliana seirbhíse. Duine den scoth, bainisteoir den scoth. Maidir le lucht scríte na litreacha ... ní chás díbh féachaint go maith oraibh féin.
With heavy heart we announce that our Manager Éamonn Fitzmaurice has stepped down. We cannot thank
@efitz6
enough for all he has done for Kerry GAA. He is a gentleman to the core and has given everything for the cause. We wish Éamonn and his family all the best
Triúr driothár de mhuintir Bheaglaoich ana shásta tar éis a mbua. An chéad uair ag Ruaidhrí, Caoimhghín agus Brian ag imirt cluiche craoibhe le chéile i nGallaros.
Corn Tom Markham ag Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus a chomhghleacaithe Duibhneacha i Scoil Naomh Eirc ó chianaibh. Ár mbuíochas leo as a gcamchuairt ar scoileanna na Gaeltachta inniu.
@Kerry_Official
Comhghairdeachas le Brian Ó Beaglaoich agus le Louise Ní Mhuircheartaigh a dhein gaisce i rith an deire seachtaine. Tá an uile dhuine sa chumann ana mhórálach astu.
Tá an cumann go mór fé chomaoin ag Caitlín agus Gearóid a thug blianta fada seirbhíse do choiste an ‘lotto’. D’fhógair an bheirt acu i rith an deire seachtaine ná beidis ag leanúint ar aghaidh ach a dtosnóidh na crannchuir in athuair. Sos tuillte agus ár mbuíochas leo.
Tá an cumann ag cur seirbhíse ar fáil sa tréimhse amach romhainn dóibh siúd atá ina ghátar. Is féidir linn nithe a bhailiú ós na siopaí & ón gcogaslann agus iad a thabhairt go dtí’n ndoras chughat. Cuir glaoch ar an gcathaoirleach, Seán Ó Catháin, agus socrófar é. 086) 804 4416
Beannachtaí binne lae breithe ar an bhfear seo inniu. Ag dul in óige atá sé! Fiche bliain ag fás, fiche bliain fé bhláth, fiche bliain....??
#lifebeginsat40
@osemarc2
Beannacht Dé le hanam an Athar Tomás. Chaith sé blianta mar uachtarán onórach ar an gcumann agus bhí sé ann leis an bhfocal moltach i gcónaí chun óige an cheantair a spreagadh.
N’fheadar an gcífear John Michael i ngeansaí na Gaeltachta go deo arís i nGallaros? A leithéid de phointe aréir mar sméar mullaigh ar bhlianta fada seirbhíse, más ea. Sláinte saoil chughat a Choco!
Comhghairdeachas le Brian Ó Beaglaoich agus a chomhghleacaithe. Mór an trua nach féidir le
@RTEgaa
a ainm a bheith i gceart acu.
@tuairiscnuacht
Tá Seán Ó Catháin éirithe as mar chathaoirleach ar an gcumann tar éis cúig bliana. Go raibh maith agat a Sheáin as do chuid ama agus do dhúthracht sa tréimhse sin. Beidh Dara Ó Cinnéide ag teacht i gcomharbacht ar Sheán.
Bhronn laochra
@kerryladiesfoot
Niamh Ní Chonchúir &
@LouiseNiM
a gcuid bonn ar Chailíní Chorca Dhuibhne anocht. Súil againn go mbeidh cuid des na cailíní céanna, dála Louise, ag buachtaint gradaim réaltóga sna blianta amach romhainn.
Bígí linn amárach d'ár gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach na hÉireann i gcoinne
@AnMhaigh
.
@AIB_GAA
. Beo ar
@RTERnaG
@SportRnaG
ó 2pm. Beo ghiolcadh anso! Úsáid an haischlib #ÓThuaidh má tá sibh linn! Hup!
Siad Micheál Ó Sé ón gCaisleán agus Micí Ó Conchúir & Colm McEvoy ó Cheann Trá a bheidh i bhfeighil sinsir na Gaeltachta i mbliana. Guimíd gach rath orthu & ar fhoirne bainistíochta ar fad an chumainn. Ná fada uainn an lá go mbeifear in ann cur chun páirce (go sábhálta) arís.
Ba mhaith leis an gcumann ár gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir Mhurchadha ar bhás Bhriain. Bhuaigh Brian craobh Chiarraí Thiar linn i 1991, an chraobh nóibhíseach i 1992 agus an chraobh sóisir 1993. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Ní dócha go raibh aoinne chun geansaí uimhir 2 a bhaint de ‘Sticí Micí’ Ó Conchúir ar shár-fhoireann na Gaeltachta 1990-2019. Ainmniúcháin do uimhir 3 á lorg ar DM nó giolc anois.
Ag guí beannachtaí binne lae breithe an leathchéid ar an ngaiscíoch, Micí, inniu. Is fada leis go mbeidh piúnt an cheiliúrtha aige ach tiocfaidh san leis.
#ardfhear
.
#legend
Beimid féin agus
@DingleGAA
le chéile ar a 3:15i.n. i nGallaras inniu do chorn cuimhneacháin Thomáis Uí Chonchúir. Blaise beag don méid a bheidh ag
@comortas19
sa Mheitheamh?
@ComortasKY
@corca_cu
Meitheal na péinte
@comortas19
i nGallaras ar maidin: John Tamaí Ó Laoithe, Michael Gaga Mac Gearailt, Pádraig Mac Gearailt, Micí Ó Grifín, Aodán Ó Dubháin, Joe Ruiséal, Gearóid Ó Grifín.
Gradam Mac Con Midhe 2019 bronnta ag iar uachtarán
@officialgaa
John Horan ar
@Buailtin
anocht. Bhuaigh Seán gradam na Gaolainne as an saothar breá ‘An Síol a Cuireadh sa tSneachta’ - comhghairdeachas leis.
B’fhéidir gur le
@breandanfitz
a thit duais na seachtaine seo ach ba dheas tacaíocht na
@GeelongCats
@DingleGAA
a fháil don gcrannchur. Buíochas leis an uile dhuine a thugann tacaíocht don gcumann & le Seán Jim Pheig a bhíonn de shíor ag díol i measc an phobail.
@MarkOConnor15